Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Leathanach 391
- XML “Nósanna a Bhaineann le Tórramh nó le Sochraid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)I An Coróinn Mhuire do rádh timcheall a dó dhéag. Muintir an tighe a thugann na paidreacha amach nó úaireannta gaolta an duine marbh.
II Bíonn snaoisín ag dul thart ó dhuine go duine chun pinnse do thógaint. Chloisfá gach duine agus "Go ndeinidh Día Trocaire ar a anam" á rádh aige.
III Lá in dhiaidh an tórraimh tógtar an corp chun an séipéil. Lastar coinnle móra in a timcheall agus fágtar an chorp annsin os sionn na hoidhe.
IV Ní maith le aon beirt pósadh i séipéal go bhfui chorp duine marbh ann
V Gaolta an duine marbh a chuireann an cómra isteach sa bhfúad. 'Siad na daoine céadna a thógann amach é agus a cuireann isteach san úaigh é.
VI Bíonn gaolta an duine thúas in aice an fúaid le linn an sochraid.
VII Ní cheart d'aoinne deireann na sean-daoine dul isteach in aon tigh le linn duit dul i sochraid nó ag teacht úaidh.- Bailitheoir
- Áine Ní Críocháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir