Scoil: Baile Deasún (B.)
- Suíomh:
- Baile Deasumhan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Mac Giolla Phádraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear gur súinéir bocht gurbh ainm dó Seán Ban 'ac Gearailt a chum an t-amhrán so, ar bhothainín beag suarach a thóg sé i gCrown Réidh - baile fearann atá sa pharroiste seó.
Donncadh O Rínn as Tuírín Caoch, Baile Dheashmumhan a thug an amhrán domh-sa. Thog Donnchadh sios é ó saor-chloc - Muiris Ó Connaill - dathad bhlian ó shoin. Bhí Muiris na chómhnuidhe i gCrown Réidh agus bhí aithne maith aige ar "Seán Aorach" -----------------------------------------------------
I
Is fada ar an-árd mé gan ádh na meas céile
Lem' thuaigh as lem' thráthar ag feúcaint 'dir sléibhte
Gan feiste, gan arús go sáithfinn mé féin ann
Gur geal liom mar áitrebh cró cránach nó caorach.
Go dtáinig chugam Eadhbhard.- an biadhtach gan sgáth
An rábhaire gréugaig sé Liam geal 'ac Dáith
Thug lán cumas tighearnais an Chliadhain seo ar a stát
Do gheall dom Plantation, go ndéanfainn ann áitreabh
Gan cíos, íoch ná feúrach ná éileamh go bracht air.II
Beir sgéula uaim, láithreach a'triall ar na saoraibh
A' triall air mo bhráthair, sé dátha Crown Réidh amuigh
É teacht annso i mbárach as a gárda breágh shaoraibh
'Dir Galvins a's Dalys go n-árdaidh siad taobh de,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Mac Giolla Phádraig
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh O Rínn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Tuairín Caoch, Co. Chorcaí