Scoil: Baile Deasún (B.)
- Suíomh:
- Baile Deasumhan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Mac Giolla Phádraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- ó mo shean-athair - Eoín Mac Amhlaoibh - Tuirín Caoch - feirmeóir beag. Do thóg Donncad O Rinn - sios an amhrán seo. caogadh bliain ó shoin. Do thogas féin sios ó Dhonncad é. - (feirmeóir beag).COIS BRICE DHOM GO DÉANACH
I
Cois brice dhom go déanach ag déanamh mo smaointe.
Go deorach a's go sgíosmhar a' caoine na dtreón.
De chlanna mhaiseach Milidh le brígh nirt dá dtraocha
Gan fíon, gan spórt, gan airgead ach' a tuirseach gan lón.
Seadh dhearcas uaim
An ainnir shuairc
Ba geala gnúis
Ba mheara súil
Dob' fada cúl ar dhath an óir
A' tuitim léi go h-uileanach, go muirearach, go slaodhmar
Bhí a rosg mar ghath na raelti Ró
'S a béul mar rós ba thaithneamach
A píb 'sa déid mar ala ar sruith
'S ba leanbeúl é a chlódh.
II
Scuir Cupid a shaoigheadaibh im' chroidhe 'stig le géur shearch
Ar dhearca dhom an Rígh-bhean do dhíbir mo bhrón
'S gan stad do phreabas taoibh léi cun go innseadh sí gan bhréag dhom(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán P. Mac Giolla Phádraig
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eoin Mac Amhlaoibh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Tuairín Caoch, Co. Chorcaí