School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 367
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an mbán, agus treabhtaí an talamh i n-iomraibh sé fóid; deintí é phiocáil le grafán, cuirtí na sgiollaín i bpoll a deintí le ráinn agus dúntaí na puill le tuairgín. Bhí clais ag gabhail le gac iomaire, agus baintí cré sa clais le ránn no le cheata , agus cuirtí an cré ar an iomaire le sluasad. Bhí cheacta fé leith, ceacta gan aon chlár, cun an chré do bhaint.
Chuirtí an chead cré suas ar an iomaire sar a dtagadh aon gas aníos, agus chuirtí an dara chré suas nuair bhíodh na ghais ceithre h-órlaí ar aoirde. Deineann na capaill agus an cheacta an obair seo go léir anois.
Seo mar deintear sgiolláin. Pioctar amac an síol, sé sin an cuid is fearr de's na prátaí, agus geártar na sgiollaín asta so, ac caitheann súil bheith ins gac sgiollán. Baintear tímceall trí sgiollaín as gac práta, cuid aca níos mó agus cuid aca níos lugha. Dathad blian ó shoin bhíodh miothal fhear agus ban ag cur an garaidhe, mar thagadh na cómharsain i dteannta chéile chun na h-oibre, ac tá an nós sa marbh annso fé láthair; Níl anois ac gac duine do féin. Nuair a bhíonn na gais fásta suas i ndeire an Meithimh, no i dtosac an Iúil deintear íad a spráyáil cun an dubh do choimeád uata.- Collector
- Lil Ní Íde
- Gender
- Female
- Address
- Gort an Éadain, Co. Chorcaí
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- c. 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí