Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 138
- XML “Scéal”
- XML “Nósanna Duine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)no rud éigin fóghanta. Thóg sí anáirde an leac agus cad a bhí ann ná brábhairéanna na mbó. Chaith sí anuas an leac go searbh agus a dúbhairt "liónann an Diabhal a caileacín shalach." Piseóg ab'eadh é seo chun rath a chur ar an t-ím agus bhíodh sé aici leis go raidhseamhail. Ní raibh aici ach droch-thalmh beag agus ní foláir no go raibh rud fóghanta ar siúbhal aici.
- Ins gach aon tigh 'na mbíodh duine marbh bé an nós go gcaitheadh gach aoinne gol a théigheadh go dtí an tórramh. Thárla go raibh seanduine marbh sa chómharsanacht agus bhailig cúigear no seisear buachaillí le chéile chun dul go dtí an dtórramh agus do dheineadar cómhairle le 'na chéile féuchaint ciaca acu a dhéanfadh an gol ar dtúis. Ní raghadh aoinne acu isteach ar thosach chun an ghoil a dhéunamh. Theip ortha an socrú is chuireadar ar chrannaibh é. Thuit an crann ar bhuachaill luath láidir. Bhíodar i mbéal doruis an tórraimh agus buail duine acu é le buile dorn fá'n smeig agus geallaim duit go ndeaghaidh sé isteach agus ghoill sé a dhóithin agus cúis leis rud ná raibh roimhe sin.
Nuair a bheadh corp a leigint amach deirtí nách ceart an t-éadach a bheadh ortha le línn bháis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Mullain
- Inscne
- Fireann