Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall trí fichid bliadhain o soin bhí táilliúir 'na chómhnuidhe i mBaile Mhúirne agus tá sceulta móra á ínnsint mar gheall ar an dtáilliúir céudhna ó shoin. Níl fhios againn cad é an ainm ná an t-shloinne a bhí air ach bhí leas ainm air "Táilliúir na Samhna" Ní raibh tigh ná feirm ag an dtáilliúir ach is amhlaidh a [?]thagadh sé o thig to tigh ag deunamh an éadaig agus bhí sé de cháil agus de mholadh air go raibh sé chómh maith de tháilliúir is a bhí sé in Éirinn. Bhí buadh eile leis aige deireadh na daoíne ná raibh aon chuideachta scoruidheachta dob' fheárr ná é go raibh sé go h-ionghantach ar fad cun eachtra is sceultha fiannaidheachta d'ínnsint agus sceulta púcaí ba chuma ciacu fíor nó bréagach iad.
Uair éigin i dtreó tosach na Samhna bhí sé ag obair i dtig fheirmeóra ar an Seana Chluain. Bhí seachtmhain no coighcígheas obaire le bheith aige ann agus mar ba gháthach leis ins gach áit a chuaidh sé líonadh an tig isteach gach oidhche de lucht scoruidheachta ag éisteach leis an dtáilliúir. Oidhche éigin díobh thairig sé chuge sceulta agus b'iad san na sceulta ionghantacha - sceulta púcaí a bhí ar siúbhal aige. Níor fhág sé spiorad ná samhail ná púca i gCorcaigh ná i gCiarraidhe nár innis sé sceul éigin mar gheall uirthi. Bhí sceul aige mar gheall ar sprid a bhí i Mullach na Mangartan agus ní ghabhadh aoinne ann o thuitim na h-oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmaid A' Chotair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí