Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 040
- XML “Triall an Fhir Mhairbh”
- XML “Seán gan Eagla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chómh nimhneach san gur mheasadar gur chuaidh sé tríotha agus an neómat ceudhna thuit an bheirt i bhfanntasaibh, agus bhí aithint an laé ann nuair a thángadar chúcha féinig agus ní raibh tásg ná tuairisg ar an marcach. Chasadar leó na ba go dtí an aonach agus scaradar leó ag deunamh amach ar mheádhon laé. Ba mhinic na dhiaidh sin iad ag gábhail an treó ceudhna ach gan amhras níor chuireadar isteach ar an bpáirc ceudhna riamh o shoin.
- Bhí bainntreach ann fado is bhí mac is fiche aice. Nuair bhíodar go léir fásta suas dúbharadar le chéile lá amháin nách mithid dóibh imtheacht chun deunamh dóibh féin agus dubhairt an driobhthár ba shine - Seán go dthagaidís le chéile arís ag an gcrois ceudhna 'nar scaipeadar ó'n a chéile i gcionn laé is bliain. D'imtig "Seán ina bhóthar féin annsan is do theanga leis duine uasal le capall is caráiste ag cur a' bhóthair de. Labhair sé le Seán is dúbhairt. "Cioca buachaill ag lorg máighistir tú no maighistir ag lorg buachaill." "Buachaill(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhúireán
- Inscne
- Baineann