Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 095
  3. XML “Scéal Phead Bhuí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann roinnt bliadhna o shoin gurbh ainm do Pead Buidhe. Duine ab eadh é ná raibh aon tigh aige ach bhí sé ag maireachtaint ar a' méid a gheobhadh sé ós na daoinibh. Bhí ana dhúil aige i gceól agus bhí píb aige agus bhíodh sé g'á sheinnt. Aon lá amháin bhuail isteach i dtig é agus thosnuig sé ag seinnt an cheoil istig dóibh. Bhí an bheirt cailín amuich sa pháirc ag bailiú cuid na mbó agus nuair airígheadar an ceól ritheadar isteach agus d'fhágadar an ciseán amuich ar bhruach na h-abhann faid a bhíodar istig tháinig tuille san abhainn is sciob leis an ciseán. Bhí an t-seanbhean istig ar ghealaig annsan agus dúbhairt gur b'é Pead Buidhe agus a ceol fé ndearr an chiseáin bheith imighthe. File a beadh Pead is dúbhairt
    "Ní hé binneas mo cheól a sheól an ciseán chun siúbhal
    Ach an tuille le fórsa do sheól é go barraí na dtonn
    Raghadsa go Cóbh ag tógfad ann coite no long
    Agus as san go doinn an bhóthair san fairsing súibál
    II
    Chuas go Cionn t-Sáile is do thárlaig arm sa t-slíghe,
    Sean bhean tráigh is í ag gabháil na breac ins an línn,
    Chonnacsa an ciseán 'na liontán agus gad air fa'n cuím
    Agus chuir sé céad fáilte láithreach roimh Pead Buidhe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Mhichíl Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann