Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 094

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 094

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 094
  3. XML “An File agus Eoghain Ruadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Bean Mhichíl Uí Luasaigh - Rugadh is tógadh í i nGort Uí Rathaille)

    File a mhair fadó agus mheas sé na raibh aoinne chómh mhaith leis chun filíochta. D'airigh Eoghan Ruadh mar gheall air agus dúbhairt sé go dtabharfhadh sé iarracht éigin léi (?) agus go gcuirfheadh sé deireadh leis an meas a bhí ag daoinibh air. Mar seo lá bhí sé beartuighthe ag Eoghain Ruadh dul isteach sa tigh chuige ach dúbhairt na fir leis go raibh an File níos feárr ná aoinne a dhein dán ríamh. Shocruig Eoghain e féin annsan is chuir sé athrú éadaig air féin.
    Dúbhairt sé annsan le na comráduighthe dul isteach san tigh ósta 'na raibh an File i dtreo's go n-aithneóchdh sé an file nuair a thiocfhadh sé isteach agus dúbhairt sé leo nuair a bheadh sé féin ag teacht isteach á rádh leis suidhe síos chun díghe d'ól agus go dtabharfhadh sé fogha fé an bFile annsan. Chuaidh na daoine isteach san tigh-ósta annsan agus tréis tamaill bhuail cúcha isteach Eoghain Ruadh. D'eirig an duine a bhí in aice an Fhile 'na sheasamh nuair a tháinig Eóghain Ruadh isteach agus labhair sé is dúbhairt sé "Suidh síos a Eóghan is ól deoch." Labhair Eóghan is dúbhairt
    "Má shuídhim síos ós gcionn díghe scéithead sa
    Fiafhruíghim díbh an mó rígh a bhí o bhreith Críost ar ghach taobh de'n mhuir
    No cad é an bhrigh ar cuireadh lucht léighinn ar bhun."
    Shín Eóghan a mhéar chun an Fhile le na línn (?) sin ach theip ar an bhFile aon fhreagra a thabhairt agus bhí an buadh ag Eóghan is ní raibh an meas ceudhna ar an bFile as san amach."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Mhicíl Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí