School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 110
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ag fághail bháis fadó agus chuaidh fear éigin ag triall ar an sagart chun ola do chur air. Bhí an oidhche ag cur sheaca agus nuair ghlaoidh sé ar an sagart bhí sé ana leisgeamhail. D'iarraidh sé de'n fhear conus a bhí an oidhche amuich. Dubhairt an fear go raibh sé ag cáthadh sneachtaig. Dubhairt an sagart
    sneachta leathan libheógach,
    Agus gaoth a dtuaidh i bhfuinneógaibh
    Agus mo creach mar a bhí agam in aon pharóisde
    D'fhreagair an fear é agus dubhairt
    "Sneachta leathan libheógach,
    Agus gaoth adthuaidh i bhfuinneógaibh,
    Leighfidh san is imtheóchaodh sé
    Agus is fada buan í an pharóisde"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ua Mulláin
    Gender
    Male
  2. An Gaduidhe Dubh a bhí ag goid riamh a bhí a teacht abhaile aon oidhche amháin tréis alán rudaí a ghoid agus bhí gach a ghoid sé ar a dhrom aige. D'airigh sé guth agus baineadh geit as. Sé adubhairt an guth ná "íocfhaidh íocfhaidh". Cé íocfhaidh arsan gaduidhe dubh. "Do chlann no clann do clainne" arsan guth. "Nach cuma liomsa níl aon bheann agam ortha" ar seisean. Le na linn sin d'oscail an talmh [?] do slogadh siar é
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.