School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 138
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Nósanna Duine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    no rud éigin fóghanta. Thóg sí anáirde an leac agus cad a bhí ann ná brábhairéanna na mbó. Chaith sí anuas an leac go searbh agus a dúbhairt "liónann an Diabhal a caileacín shalach." Piseóg ab'eadh é seo chun rath a chur ar an t-ím agus bhíodh sé aici leis go raidhseamhail. Ní raibh aici ach droch-thalmh beag agus ní foláir no go raibh rud fóghanta ar siúbhal aici.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Ins gach aon tigh 'na mbíodh duine marbh bé an nós go gcaitheadh gach aoinne gol a théigheadh go dtí an tórramh. Thárla go raibh seanduine marbh sa chómharsanacht agus bhailig cúigear no seisear buachaillí le chéile chun dul go dtí an dtórramh agus do dheineadar cómhairle le 'na chéile féuchaint ciaca acu a dhéanfadh an gol ar dtúis. Ní raghadh aoinne acu isteach ar thosach chun an ghoil a dhéunamh. Theip ortha an socrú is chuireadar ar chrannaibh é. Thuit an crann ar bhuachaill luath láidir. Bhíodar i mbéal doruis an tórraimh agus buail duine acu é le buile dorn fá'n smeig agus geallaim duit go ndeaghaidh sé isteach agus ghoill sé a dhóithin agus cúis leis rud ná raibh roimhe sin.
    Nuair a bheadh corp a leigint amach deirtí nách ceart an t-éadach a bheadh ortha le línn bháis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ua Mullain
    Gender
    Male