Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 017
  3. XML “Scéal”
  4. XML “File ó Bhaile Mhúirne agus File ó Ghleann Fleisce ag Bualadh um a Chéile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh Pádhraig Ruadh is a mhac ag deunamh cleamhnais lá. Níor aithnig aoinne sa tig 'nar ghabhadar chun an chleamhnais a dheineamh ach bhí bacach sa tigh 'na raibh aithne maith aige ortha. Nuair bhí an cleamhnas deunta dúbhairt an bacach.
    "Ná deinig a mhná go bráth úr dtúthail beart,
    Is na tuitig i ngrádh le fear áluinn thar tuath isteach,
    Beanna ró ard is is gnáthach ar bhuaibh thar lear
    Is innis do chás do Pádhraig Ruadh is a mhac."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Beirt fhile a bhí ann fadó - duine acu i mBaile Mhúirne is duine acu i nGleann Fleisge. Casadh ar a chéile iad ag teóra an chonndaé thiar "Cad as tusa le'd thoil arsan file o Ghleann Fleisge leis an duine eile. "Ó Bhaile Mhúirne ar seisean D'iarr sé sin annsan cárb' as an duine eile is dúbhairt sé gur ó Ghleann Fleisge é. "Seadh" arsa fear Glanna Fleisge "bacach ó Bhaile Mhúirne" "Is maith mar a thárla" arsan fear ó Bhaile Mhuirne "bacach o Bhaile Mhúirne is beitheamhnach ó Ghleann Fleisge
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Céilleachair
    Inscne
    Fireann