School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 096
  3. XML “Táilliúir na Samhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall trí fichid bliadhain o soin bhí táilliúir 'na chómhnuidhe i mBaile Mhúirne agus tá sceulta móra á ínnsint mar gheall ar an dtáilliúir céudhna ó shoin. Níl fhios againn cad é an ainm ná an t-shloinne a bhí air ach bhí leas ainm air "Táilliúir na Samhna" Ní raibh tigh ná feirm ag an dtáilliúir ach is amhlaidh a [?]thagadh sé o thig to tigh ag deunamh an éadaig agus bhí sé de cháil agus de mholadh air go raibh sé chómh maith de tháilliúir is a bhí sé in Éirinn. Bhí buadh eile leis aige deireadh na daoíne ná raibh aon chuideachta scoruidheachta dob' fheárr ná é go raibh sé go h-ionghantach ar fad cun eachtra is sceultha fiannaidheachta d'ínnsint agus sceulta púcaí ba chuma ciacu fíor nó bréagach iad.
    Uair éigin i dtreó tosach na Samhna bhí sé ag obair i dtig fheirmeóra ar an Seana Chluain. Bhí seachtmhain no coighcígheas obaire le bheith aige ann agus mar ba gháthach leis ins gach áit a chuaidh sé líonadh an tig isteach gach oidhche de lucht scoruidheachta ag éisteach leis an dtáilliúir. Oidhche éigin díobh thairig sé chuge sceulta agus b'iad san na sceulta ionghantacha - sceulta púcaí a bhí ar siúbhal aige. Níor fhág sé spiorad ná samhail ná púca i gCorcaigh ná i gCiarraidhe nár innis sé sceul éigin mar gheall uirthi. Bhí sceul aige mar gheall ar sprid a bhí i Mullach na Mangartan agus ní ghabhadh aoinne ann o thuitim na h-oidhche
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    English
    Informant
    Diarmaid A' Chotair
    Gender
    Male
    Address
    An Sliabh Riabhach, Co. Cork