Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 041
- XML “Seán gan Eagla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag lorg máighistir mé" arsa Seán. "Cad is ainm duitse" ar seisean. "Seán gan Eagla" arsa Seán ghá fhreagairt. "Tair chugham isteach" arsan duine uasal. Tá tig agamsa i leithéid seo d'áit - tig ana [?] ná mairfheadh aoinne agus an raghfá ann a Sheáin" ar seisean. "féachaint cad a chídhfeá ann" "Raghad" arsa Seán "gan scáth gan eagla."
"Cad é do phágh" arsan duine uasal. "Ceud púnt gach aon oidhche a bhead ann" arsa Seán. "Gheobhair do phágh agus fáilthe" arsan b'fhear. "An ólann tú tobac ar seisean " ólaim cheana" arsa Seán. "Gheóbhair púnt tobach gach oidhche" arsan duine uasal
"Tiocfhad chúgat gach maidin féachaint an mbeidh tú id bheathaidh" arsan duine uasal. "Rithead seans leis an gcúrsa" arsa Seán. Bhí san go maith is le línn tuitim na h-oidhche bhuail Seán isteach sa tig uaigneach agus shuig sé síos ag líonadh a phíopa agus nuair a bhí sé ag deunamh amach ar mheádhon oidhche bhuail cuige anuas an staighre ceatharar fear agus cómhra acu. D'fhiafhrúigheadar do Sheán an imirtheóchad sé fithile. "Á imirt atáim riamh" arsa Seán. Líon Sean ceithre píopaí tobac is thug sé dóíbh iad. Luíghedar ortha ag imirt annsan agus i gcaitheamh na h-oidhche b'éigin do Seán na píopaí a líonad arís is aris dóibh Bhíodar ag imirt go dtí sé a' chlog ar maidin agus annsan d'imthígeadar leó suas an staighre(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhúireán
- Inscne
- Baineann