Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 097
  3. XML “Táilliúir na Samhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go eiríghe na gréine ná go dtachthadh sí é. Dúbhairt sé go raibh sprid eile i gCéim an Fhiadh agus gur a b'amhlaidh a mhúchadh na daoíne a ghabhadh an treó agus gur i b'fuirim muice a bhí an sprid sin. Dúbhairt sé go raibh spioraid eile i gCarraigín na [?] agus gur i gcló mná a bhí sí agus ná raibh aon mharcadh capaill a gheobhadh an treó ná go dtogadh sí ar chúlaibh an mharcaig is go marbhuigheadh sí an marcach agus an capall mar go milleadh sí iad le nimh fuachta.
    De réir mar bhí an táilliúir ag cur de chúinaig lucht na scoruidheachta níor fhan focal in aoinne. Do bhí a mbéal ar leathadh le h-eagla is le anaithe. Ní leigeadh eagla dhóibh casachtach a chur asda. Bhí sé in am dul abhaile ach ní fhéadfhaidís dul abhaile le h-eagla is faitchíos.Bhí an scannradh agus an eagla ar ghach aoinne istig ach amháin an cailín aimsire. Bhí sin ag deunamh a gnótha ar fúid an tíghe agus níor chuir sceulta na bpúcaí aon scáth innte Fé dheire labhair an cailín is sé an rud adúbhairt sí ná "Greadadh cúghat a tháilliúir éist is ná bí ár mbodharadh scaoíl uainn abhaile na stráilí díomhaoíne san. Táim ag éisteacht leat o thuit an oidhche ag gábhail ded' chugaireacht eirig níl focal ag teacht as do phus ach éireach níl sprid ná púca ann agus ní raibh riamh.""Tá" arsan táilliúir "Níl" arsa an cailín. "Tá" arsan táilliúir "agus tá fhios agat go bhfuil ach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Béarla
    Faisnéiseoir
    Diarmaid A' Chotair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí