Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 139
- XML “Nósanna Duine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhaint amach de dhruimh an cínn ach na ionad san é ghearradh. Cuirtear stocaí ar na cosa agus ceangalúightear barra an dá stoca le chéile chun na gcos a choimeád díreach agus bíonn beagán scannradh i gcroídhe na ndaoíne ar eagla go bfanadh an biorán ionnta agus annsan bheadh cead cos ag an nduine marbh sa t-shaoghal eile. Deiridís "Ní theastuigeann uainn [?] a bheith air ar an saoghal eile". Dá dtárluigheadh go mbeadh an duine marbh ar an lochta ní tabharfaí an corp anuas an staighre ach é cur amach tríd an bfuinneóig. Sar a gcuirfi an corp sa chómharthainn leagtear anuas na bratacha líon. Bíonn beirt no triúr tinneál in aice an chuirp chun bheith ollamh ar an mbórd a iompáil ar a cliathán chómh luath is tógtar an corp no muna ndeanfaí é sin go mear go mbheadh duine eile ar an gclár ingiorracht aimsire á thórramh. Bíonn dá cathaoír lasmuic de'n doras agus cuirtear an cómhartha in áirde ortha roinnt neómataí chun cead a thabhairt do ghaolta an duine mhairbh chun goil. Nuair a tógtar an corp leagtar na cathaoíreacha ar a mbeas arís.
Tá sé mar nós i mBaile Mhúirne go dtógtar an cómhara mór-thímcheall an t-sheana-theampuill i Roilig Gobnatan agus ceatharar de cine an duine mhairbh fúithe ma's féidir in aonchor é. Tá daoíne ann a oscaluígheann an uaig agus daoíne ann agus ní dhéanfhaidis an uaig d'oscailt ar ór ná ar airgead(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Mullain
- Inscne
- Fireann