Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mo Cheanntar Féin
bailighthe ag Seán Mac Suibhne, Baile na Cille.Táim im' chomhnuidhe i mBaile na Cille i bparróiste Gleann-Beithe i mbarúntacht Uibh-Ráthach. Tá triochadh tighthe ann anois agus bhí tímpal sé chinn is triochadh ann fadó agus tighthe ceinn tuighe ba choitíanta a bhí ann. Baintear an tuighe-bán ag Ros-Beithe le speala agus tugtar abhaile é le capall agus cárr. Fuair Baile na Cille a ainm ó'n Chill atá ann. Tá roilig ann anois. Sé an sloinne is coitíanta san áit ná Ó Gríbhthín. Tá a lán daoine ann ós cionn ochtó ach níl aoinne ós cionn nócha. Is féidir le triúr sean-daoine scéal d'innsint, siad Mícheál Ó Sé agus Máire Bean Ní Shé agus Donnchadh Ó Gríbhthín ó Baile na Cille. Tá a lán fothrach tighe san áit agus do bhí daoine in a gcómhnuidhe ionnta fadó ach do chuadar go h-America nó go Sasana agus bhí coill mhór ins an áit ach gearradh í, 1918, agus tá pluais ins an gcoill san agus deirtear go raibh a lán daoine in a gcomhnuidhe ann fadó blianta na Droch-Aimsire. Téigheann a lán daoine ó Bhaile na Cille go Sasana gach bliain chun airgid do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí