Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul
    Bailighthe ag Donnchadh Buaman, Cill na mBreac
    Chuaidh beirt fhear ó Beallach go dtí an Púinnte aon oidhche amháin chun "wreck" d'fhághail. Ní bhfuair siad aon rud. Nuair a bhí siad ag teacht abhaile ó'n bPúinnte dubhairt duine acu go raibh an áit sin uaigneach. Le na linn sin do cuala siad guth istig sa stúic. Dubhairt an guth go raibh an oidhche go h-uaigneach ar fad leis féin, agus dubhairt sé go raibh sé annso anois le n-a lán blian agus nár tháinig aoinne chun é á thógaint amach as. Nuair a chuala an bheirt fhear an guth, do thuit na h-ataí uatha agus do bhí siad ag tuitiom agus ag éirighe go dtángadar abhaile. Nuair a tháinig siad abhaile do thuit an bheirt aca breóite agus tar-éis cúpla mí eile do fuair siad bás.
    Mo shean-mháthair Bean Ní Scolaoich ó Cill na mBreac a innis an sgéul so dom.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Donnchadh Buaman
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Ní Scolaioch
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí