Scoil: Gleann Beithe (B.) (uimhir rolla 4762)
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe (B.)
- XML Leathanach 110
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-ór ann agus do chuaidh sé abhaile. An lá na dhiaidh sin do chuaidh sé ann arís agus ní bhfuair sé an marc ná a thuille.D'innis mo shean mháthair an sgéul so dom.
- Sgéul
Bailighthe ag Pádraig Ó Ríordáin Cúl Ruadh.Do bhí fear ann fadó agus bhí cuid óir aige. Nuair a bhí sé ar leabaidh a bháis dubhairt sé leis an seirbhíseach an t-ór a chur síos sa talamh agus nuair do chuir sé sa talamh é, do tháinig sé isteach. D'fhiafruig an fear de'n seirbhíseach ar chuir sé an t-ór sa talamh agus dubhairt sé gur chuir. Cad a dhein an fear annsan ach seirbhíseach do mharbhú le h-eagla go neosadh sé cár chuir sé an t-airgead. Fuiar an fear bás agus ní raibh fhios ag aoinn cár chuir sé an t-airgead.
Fuaireas an sgéul so ó mo shean mháthair.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ríordáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chúil Rua Íochtarach, Co. Chiarraí