Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 090
- XML “Scéal i dtaobh Fear a Bhí ag Teacht ó Aonach go Déanach san Oíche”
- XML “Scéal i dtaobh Bean a Bhí ag Dul go dtí Sochraid”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bí fear ag teacht ó Aonach aon lá. Nuair a bí sé ag teacht tar driochead casadh fear air, a bhí ar drom capall ban. Bhí áithne ag an fear a bhí ag teacht ó aonach ar an fear eile. Thosnuigh an beirt ag cainnt. D'iarigh an fear a bhí ag teacht ó aonach d'ón fear eile ná raibh
sé amuigh go déanach san oidhche. Annsan dúbhairt an fear a bhí ar an capall ban go raibh sé féin amuigh chómh déanach, dúbairt sé leis gurbh é an oidhche an tam d'on mairbh, agus ló an tam d'on beó. Tháinig scannradh ar an fear a bhí ag teacht ó'n aonach. Nuair a cuaidh an fear abaile chuala sé go raibh an fear a bhí ag cainnt leis marbh le fada. Nuair a chuala sé é sín tháinig breoidhreach air, agus fuair sé bas cúpla lá na dhiaidh. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Shuilleabháin
- Inscne
- Baineann