School: Leithead

Location:
An Leithead, Co. Chiarraí
Teacher:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithead
  2. XML Page 025
  3. XML “Scéal Mo Shean-Sheanathar”
  4. XML “An Fear agus an Piastán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon oídhche amháin chúaidh mo shean-shean athair go leabhaid go h-ana dhéanach san oídhche. Bhí na ba ag ithe ar pháirc ar chúl an tíghe. Núair a bhí sé ag tuitim an codhladh, chúaladh sé glór mór ar cúl a tíghe, ar nós ba ag marbhú a chéile - ní raibh aon gloine ins na fuineóga an úair sin, ach dórse. Rith se amach an fhuineóg, mar cheap sé go mbeadh sé ró fhada ag dul amach an doras cheart. Núair a chúaidh sé go dtí an pháirch, bhí na ba ag ithe, agus do bhí an pháirch go léir lán do dhaoíne. Ní raibh aon rud air ach a léine. Thánaig beirt ban amach as an slúag, agus do clúduigheadar le a gclócaí- é. Bhí eagla an domhain air. D'athain sé an bhean mar a seana-máthair, agus a mháthair altroma. Bhí sé breóite ar fead choigtheas na díaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí fear in a chómhnuídhe i Leithid fadó, is do bhí cómgacht aige, chun aon sórt galair a bhaint as anaimhdhe dá gcuirfadh sé fáinne mór thímceall péíste. Geóbhad an phíost bás sar a rugadh sé amach as an bfaínne. Aon lá amháin bhí fear inaiche leis, agus do bhí a chapall breódhte. Maidin Domhnaig chúaid sé go dtí an fear le na gcapall. Do leigheas sé an chapall, agus ní raibh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Dhúnaighe
    Gender
    Female
    Informant
    Dómhnall Ó Shuilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    87