Scoil: Leithead

Suíomh:
An Leithead, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Scéal i dtaobh Púca”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 2. Fadó nuair a bhí mo shean-mháthair ag teacht ó phátrún abhí sa bhunátha, bhí sé ana dhéanach san oidhche agus bhí beirt eile léi. Nuair a bhíodar ag teacht san bóthar inaice na charnána cloch, do connachadar rud dubh ar thaobh an bhóthair. Do stadadar agus dúbhradar le na chéile gur daoine abhí ar meisge ann, agus go raibh siad na gcodhladh. Do chúadadar cun an rud dubh do ghúiseacht. Ach do thosnuig an rud ag fághail mór is mór, annsan do thosnuig sé ag dul siar an bóthar as a raidhearch, agus ní raibh aon cosa fé. Bhí sé dhá úair níos mó ná mar raibh sé ar dtúis. Do chúadadar abhaile agus bhí eagla mór ortha. Ní cúaladadar aon rud, ar an rud dubh san ó shin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Ealuighthe
    Inscne
    Baineann