School: Leithead

Location:
An Leithead, Co. Chiarraí
Teacher:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 076

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0464, Page 076

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leithead
  2. XML Page 076
  3. XML “Scéal i dtaobh Píosa don Éadach a Chaith Duine Marbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fúair Áintín do bhean Uí Sheaghdha bás. Cuireadh í san úaig cúpla lá na dhíadh san. Bhí sórt "bonnet" bán ar a cheann ar feadh an tóramh. Núair a cuireadh san coifín í do baineadh an "bonnet" as a ceann agus cuireadh i mbosca é. Cúpla seactmhaine na dhíadh san bhí duine don líon tíghe ag codail san seomra in a raibh an bhosca. I lár na h-oidhche cúala sé cnag ar an doruis. Cúaidh sé go dtí an doruis agus d'oscail sé é. Ní fheaca sé aoinne ann. Thanaig sé isteach agus d'imthig sé a codhladh. Thanaig cnag ar an bosca an oidhche na dhíadh san. D'oscail sé é agus léim an "bonnet" amach as cúaidh sé anáirde ar fuinneóg agus tar éis tamaill cúaid sé isteach san bhosca airís.
    An tarha oidhche do thárla an rud ceudna. Bhí eagla ar na daoine a bhí san tig agus bíodar cun é do caitheamh trí Domhnach. An tríómhadh oidhche thánaig cnag eile go dtí an dorus. Níor oscail aoinne é an úair so, act do bhaineadh an glas as tar éis cúpla úaire. Thainig duine isteach sa seomra agus núair d'féach an duine a bhí sa seomra air d'imthig sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Máirín Ní Ghealbháin
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Uí Sheaghdha
    Gender
    Female