Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deirtear go mbíonn na dúine marbh mór tímhceall
9. Dá mbheadh an much ag g sin cómhartha básteach
10. Dá mbheadh an cat ag súidhe agus a dhrom cun an teine sin cómhartha básteach.
11. Dá cídhfeadh aoinne dha magfies. sin cómhartha mí rath.
12. Dá cídhfeadh bádóir ‘’albatross’’ ag eitilt os cionn an báid sin cómhartha go dtagfadh trioblóid ar a cloinn agus ar féin.
13. Dá mbheadh na fáinnleóige ag eitilt ós cíonn an talmhain sin cómhartha droc-aimsir acht dá mbheadh síad ag eitilt go h-árd, sin cómhartha aimsir-bréagh.
14. Dá mbheadh súbh trim ag tuitimh anúas sin cómhartha ar aimsir báisteach act dá mbheadh súbh fliuch ag tuitimh sin cómhartha aimsir maith.
15. Dá mbheadh ím, bainne, no áon rud eile go flúirseach lá bealtaine, beadh síad go flúirseach an cuid eile don mblíadhain, acht dá mbheadh sí go mí-flúirseach beadh síad mar san an cuid eile don mblíadhain.