Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 617

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 617

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 617
  3. XML “Páidín an tAmadán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    uachtarlann agus tar éis an lá do fuair sé leath púnt ime agus do chuir sé isteach ina póca gan aon páipéir agus do bhí sé dubh le salac nuair do cúaidh sé abhaile agus dúbhairt a mháthair leis é do chur isteach i bpáipéir an céad uair eile agus do glac Páidín a cómhairle. An ceud lá eile do chuaidh sé go dtí fear eile agus do fuair sé caitín breágh agus do cuir sé é isteac i bpáipéar agus do strac an caitín an páipeár agus do rith sí ó Páidín agus dúbhairt an máthair gur cheart córda a chur ar a chos agus é do tharraingt ‘na diaidh agus do ghlac Páidín an cómhairle. An cheud lá eile do chuaidh sé go dtí búistéir agus do fuair sé píosa feóla mar págh agus do thairing sé é ‘na dhiaidh le píosa córda agus dúbhairt a máthair nárbh ceart é. Dubhairt sí leis é do cuir a a drom an ceud uair eile agus do ghlac Páidín an comhairle. An ceud lá eile do fúair s é asal agus do dhein sé iarracht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Teanga
    Gaeilge