Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 521

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 521

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 521
  3. XML “Ó a Dhia na nGrás Anois an Uair”
  4. XML “Gníomh Croíbhrúite”
  5. XML “Paidir do Naomh Bríd”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nách éachtach é an míorbhail so.
    Nídh nách raibh acht arán is fíon
    Le cumhacht Dé ‘nois áthruighthe.
    Go fuil is feoil is diadhacht Críost
    Duit a Thighearna táimíd buidheach.
    Is firneach é d’fhochal diadhach
    Adhraimid tú ar ár n-altóir.
    ‘Gus leath ins a naomh shacraimint.
    Ó, míle moladh agus glóir.
    Go moltar tú go deó a Dhia
    Is beannacht ort ó’c uile croidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. a.26 Gníomh Croidhe Brúghadh
    Is leanbh cionntach bronach mé
    A athair glac arís mo grádh
    Féach núair do céasadh Íosa Críost
    Gur guidh Sé ar son fearaibh tláth
    Mar geall ar d’fheabhas gráduighim thú
    Mar gheall ar peacadh táim fé brón
    Ar peacadh tá agam gráin óm croidhe
    Is séanfaidh mé ocáide am a déanamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge