Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 619

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 619

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 619
  3. XML “An Tobar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Tobar
    Is ionghantach an bhaint atá idir béaloideas na h-Éireann agus béaloideas is litríocht an gCoighcriach. San scéal so leanas deimhineóchfar cuid den ceangal san. Ins an ngleann in a rugadh agus a tógadh mé do bhí agus tá fós tobar breágh fíor uisce. I ngar do’n tobar tá Cnocán na h-Altorach, agus an Altóir ar mhullach an cnocáin, áit ar léigheadh an t-Aifreann, nuair a bhí fán ar ár Sagart, agus núir a bhí na péin dlíghe go géar ‘na choinnibh. Ag ceann an ghleanna, agus tuairim is míle ó’n dtobar tá “Cúm a t-Sagairt” áit ‘na mbíodh an Sagart ar an choiméad fadó. Ó’n gcúm san d’fheadfaidhe an gleann go léir d’fheiscint. Deirtear gur ins an dtobar a deineadh an Sagart na leanbhaí is na sinnsir do bhaisteadh. Ní tobar coithcheanta in aon cor é. Tá crot na sean is na naomhthacht air. Tá sé go doimin cearnógac agus tagann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge