Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Bró
- XML Leathanach 539
- XML “Do Róisín Dubh (1923)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- C(28) Do Róisín Dhubh (1923)A Róisín, go brónach ‘s ní h-ionghna san
Tá na deora led’ roscaibh ró-dheas is a cúis agat
Fearann fhód-ghlais Néill is Eogain fé smúit indiu
Is sgaipeadh an t-Oglaig thar bhochtna, a Róisín Dubh11.
Is fada i ngéibhinn tú ‘s do chéile ar fán amuigh
Do clann a ndaoradh ‘s á stolladh le pléaracht gach lá go moch
Feall is éirleach ag an ndream a thréig tú á ndeárna ort
Gan sos ná faesamh i n-aghaidh an lae agat, a Róisín Dubh111.
A laog liom léanmhar an sgéal so agat
Bheith mar cheile le cléir-chead ag Seóirse anois
Bhí an tréan-fhuil ‘á taosgadh ar do chóisire
Nárbh éachtach an spré í, a Róisín Dubh1V.
Cia gur fada dhuit faoi tharcuisne lag, buartha anois
A thaisce dhil glac neanma ní(leanann ar an chéad leathanach eile)