Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Bró
- XML Leathanach 555
- XML “Rí na bhFear Gorm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rí na bhFear GormDo bhí Fionn Mac Cumhaill lá ag imirt liathróide ar Tráig Fionntrágha. Nuair a thóg sé a cheann do chonnaic sé chuige isteach an bád agus triúr fear innti. Do thánadar I dtír agus d’fhíafruigeadar de Fhionn cá raibh na Fianna.
“Cad é bhur gnó leis na Fianna” arsa Fionn. “Cun dul cun catha leo” ar síad agus dubhradar annsan nách féidir arm iad féin do mharbhú agus nách féidr teine iad dhóghadh ná uisce iad do bháth. Annsan chun é sin do chur in iúl do Fionn do chur duine acu a cheann ar bloc agus dúbhairt sé le Fionn buille dá claidheamh do bhualadh air, ach nuair a bhúail sé an ceann níor féidir leis é do marbhú. Annsan dhein Fionn teine agus chuir sé na bfear isteach innti, ach níor féidir leis an teine iad do dóghadh. Annsan do thóg sé íad amach ‘san bhfairrge feachaint an bádhadh(leanann ar an chéad leathanach eile)