Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Bró
- XML Leathanach 556
- XML “Rí na bhFear Gorm”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uisce iad go agus do caith sé íad isteach san uisce. Annsan do cogain sé a órdóg cun fios d’fághail cer’bh iad agus fuair sé amach gurbh’ triúr mac Rí na bhFear Gorm íad. Annsan thóg sé an bhád agus chuaidh sé go Tír na bhFear Gorm. Nuair a shrois Fionn an tír sin do thóg sé a slaitín draoidheachta agus do dhein sé leanbh dó féin agus crom sé ag gol agus ag béicig. Do chualadh Rí na bhFear Gorm é agus thóg sé é isteach in a theaghlach féin agus d’fhás Fionn ina garsún mór. Lá amháin d’fhiafruig Fionn do Rí na bhFear Gorm an raibh aon mac eile aige ach é féin agus dúbhairt Rí na bhFear Gorm go raibh triúr mac eile aige agus gur chúadar go Éire chun cheannais na h-Éireann d’fhághail agus do innis sé do Fionn nár féidir aon nídh íad do mharbhú ach a thrí caipíní féin do theasbáint dóibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)