School: Cnoc na Bró
- Location:
- Knocknabro, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Scannaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Bró
- XML Page 619
- XML “An Tobar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An TobarIs ionghantach an bhaint atá idir béaloideas na h-Éireann agus béaloideas is litríocht an gCoighcriach. San scéal so leanas deimhineóchfar cuid den ceangal san. Ins an ngleann in a rugadh agus a tógadh mé do bhí agus tá fós tobar breágh fíor uisce. I ngar do’n tobar tá Cnocán na h-Altorach, agus an Altóir ar mhullach an cnocáin, áit ar léigheadh an t-Aifreann, nuair a bhí fán ar ár Sagart, agus núir a bhí na péin dlíghe go géar ‘na choinnibh. Ag ceann an ghleanna, agus tuairim is míle ó’n dtobar tá “Cúm a t-Sagairt” áit ‘na mbíodh an Sagart ar an choiméad fadó. Ó’n gcúm san d’fheadfaidhe an gleann go léir d’fheiscint. Deirtear gur ins an dtobar a deineadh an Sagart na leanbhaí is na sinnsir do bhaisteadh. Ní tobar coithcheanta in aon cor é. Tá crot na sean is na naomhthacht air. Tá sé go doimin cearnógac agus tagann(continues on next page)