School: Castlerock N.S. (roll number 13242)
- Location:
- Droim Mártain, Co. Shligigh
- Teacher: Frank Haran
![The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 064](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0174%2FCBES_0174_064.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0174, Page 064
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Castlerock N.S.
- XML Page 064
- XML “Turloch Caoch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)abhaile ón sgoil lá agus thug ceann acu dárbh ainm Turloch na páistí isteach i bpairc. Suidh iad fé sean chrann. Shuid Turloch suas ar an gcrann agus setail sé suas cuairt. Rinne sé cuiste cuairte de dáréag acu. Cheap sé dligheadóirí de chuid acu agus de chuid eile. Cheistnigh se chuile dhuine acu cén socrú a dhéanfadh sé ar an gcás seo nó a dtuibhrfadh sé luach a shúile don fhear. Dubhairt siad uilig go mba mór an náire luach a shúile a thabhairt do taréis é a shábháil. Sheas Turloch suas agus dubhairt sé "Sé an chaoí a ndéanfainn é, an fear a chaitheadh isteach leis teacht amach luac na súile a thabhairt dhó ach muna dtigeadh téigheadh sé go tóin an phuill" Thárle go raibh breuteamh na h-aite ag dul thart in a cóiste agus d'éaluigh se isteach sa bpairc i ngan fhios do na buachaillí. Nuair a chuala se an cheist á phléidhe acu sgríobh se síos chuile focal a dubhairt Turloch. An céad lá eile a raibh na seisiúin ar siubhal thug sé an breitheamhnas sin air. Ní aontóchadh fear na leath shúile leis sin agus chuir sé sin deireadh leis an gceist cruaidh seo.(continues on next page)
- Collector
- Tomás Ó Cearbhall
- Gender
- Male
- Address
- Leitir Brón, Co. Shligigh