Scoil: Uachtar Árd (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr M. S. Iognáid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0065, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Uachtar Árd
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí bean ann uair amháin. Dith beirt fhathach fear na mná agus bhí sí ag caoineadh cois an teineadh. Bhi faitchíos mór ar an mac ach taréis tamaill tháinig misneach chuige agus dubhairt sé le na mháthair. "Ná biodh faitchíos ort a mháthair marbhóchaidh mé iad. Annsin bhuail an mháthair druim an mhic and dubhairt "Ó na focla sin a dubhairt tú biodh misneach againn ach tá tú ró claidheamh seo agus marbhóchaidh sé aon duine a dhéineas iarracht chun tú a marbhuí. Leis na foclaibh sin chuaid an buachaill amach agus mála bidh ar a ghualainn aige.
    Bhí sé ag siubhal ar feadh trí lá. Annsin tháinig sé go dtí an foraois in a raib na fathaigh in a gcómnaidhe agus bhuail sé ar gheata mór.
    Tháinig fear mór amach agus bhí sé dhá throigh déag ar aoirde.
    D'fhiarfauigh sé do an buachaill ceard a bhí ag teastail uaidh. "Is mise Giant Jawbones agus ní leighfeadh mé duine isteach acht Giant Greeneyes agus Giant Longnose.
    Téigh abhaile go tapaidh nó íosfaidh mé thú." "Osgail an geata seo nó marbhóchaidh mé thú," aras an buachaill.
    Thosuigh an fathach ag gáire ach taréis tamaill dosgail sé an geata agus chuaidh Tadhg isteach.
    Ní raibh sé ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1119: The Ogre Kills his Own Children
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Challachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Mairtín Ó Maoildhis
    Inscne
    Fireann