Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 201
- XML “An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bhean Ghlas
Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Bhí feirm mhór talaimh aige agus bhí an fhairrge ag teacht isteach ar an talamh. Rinne an mac a ba shinne bádhbhdhún leis an fhairrge a choinneáil amuigh acht ar maidín lá thar na bhárach bhí sé leagtha go talamh.
Dubhairt an dara fear go ndeánfadh seisean é. Rinne sé é acht ar maidín lá thar na bhárach bhí sé leagtha go talamh.
Annsin dubhairt an mac a b’óige go ndeánfadh seisean é, acht sula dteárn sé é rinne sé teach beag thíos ag n-a thaobh. Shuidh sé go maidín a choimhead agus deich gcárdaí aige. Cha raibh sé i bhfad go bhfaca sé an bád caol dubh ag teacht isteach ar an fhairrge agus bean deas ina suidhe ins an deireadh. Thainic an bhean isteach chuige. Chuir sé ceist uirthí an n-imreochadh sí cluiche. Dubhairt sí go n-imreochadh.
D’imir siad cupla cluiche gan geallta. Annsin dubhairt an bhean ghlas go n-imrecochadh sí cluiche anois le gealltaibh, agus an té a bhainfeadh an cluiche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall