Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 361
- XML “Scéal”
- XML “Niall Mac an Bháird”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí gasúr ann am amháin, agus bhí moran aiteacha siubhalta aige. Lá amháin bhí sé fhéin agus sgaifte eile gasúr ag dul 'na sgoile agus dubhairt duine aca go raibh seisean ag a leithéid seo áiteacha, acht bhí an gasúr ins na h-áiteacha céadna.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Scríbhnóir: Domhnall Breatnach, Áirdmhín, Clochán Liath.- Ins an am a rabh Ó Domhnaill i nDún na nGall, agus duine de na ríghte bá mheasa a bhí i nÉirinn ariamh an Dálach céadna, fuair sé caisléan úr déanta. Saorthai as Sasain a bhí dhá dheánamh. Bhí fear freastal aige fhéin ar bh’ainm do Niall Mac an Bháird. Chaith fear de na saorthai anuas grainín muirtheáil ar chloich, agus d’iarr sé ar Mhac an Bháird an chloch sin a thabhairt aníos chuige. Ar a ghabhail suas do Niall leis an chloich leag sé é fhéin í ar an bhalla, leisg oiread de shásamh a thabhairt do. Thionntuigh an saor í cupla uair, ar a dhóigh fhéin, agus ní fhóghnóchadh sí. Chonnaic an saor go rabh Mac an Bháird comh maith leis fhéin, agus i ndeireadh an lae d’innis sé do Ó Domhnaill mura gcuireadh sé Mac an Bháird ar shiubhal go mbéadh an obair millte. Smaointigh Ó Domhnaill gur bh’fhearr do Mac an Bháird a chur ar shiubhal. Scríobh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Fhirghil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62