Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 277
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Uair amháin nuair a bhí daoine ag gabhail a throid leis na Fianna, tháinic siad go dtí an teach a raibh Fionn ina chomhnuidhe ann, ach bhí siad uilig ar shiubhal ach bean Fhinn agus Óisín.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Scríobhnóir: Maighread Ní Chinnéide, Cró PádraigScéal
“Bhí fear ar na h-Agallaí am amháin ar bh'ainm do Antóin Dubh. Fear neamh-eaglach a bhí ann agus ghníodh sé morán de rudaí nach mbíodh ciall ar bith leo.”
Scéal
Bhí fear ar na h-Agallaí am amháin ar bh'ainm do Antóin Dubh. Fear neamh-eaglach a bhí ann agus ghníodh sé morán de rudaí nach mbíodh ciall ar bith leo.
Lá amháin indiaidh a mhathair bas a fhághail d’imthigh Antóin a bhaint batail coisgirighe ar an taobh thall de loch-na-nAgall. Nuair a bhí an bhatail bainte aige ceangail sé suas go cruaidh í, chaith sé amach san uisge í agus shuidh sé fhéin in a mullach. Thoisigh sé a iomradh na bataile leis an speil.
Bhí cuid ban na n-Agall amuigh agus a gcuid Connracha Muire in a gcuid Méar aca ag guide Dé, Antóin a shábhail. Fa dheireadh shroich Antóin cladach na locha.
Bhí Mícheal Chordain ina seasamh ag bóitheach an eallaigh a bhí ag Antóin. Chuaidh Antóin fad leis agus arsa seisean,
“Goidé do baramhail do sin a Mícheal?"
“Bhal,” arsa Mícheal, “bhfeiceann tú an gamhain sin?”
“Tchidhim,” arsa Antóin.
“Bhal, ní dhéanfadh an gamhain sin an rud ata déanta agat,” arsa Mícheal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Antóin Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall