Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 353
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Céist: Droichead ar an loch gan maide gan cloch?
Freagra: OidhreogachCéist: Rud nach raibh ariamh 's nach mbíonn go bráthach amharc ar do lámh agus tcífidh tú é.
Freagra: Níl dhá mhéar ar bith cosamhail le chéile.Céist: Triúr cloinne craobhach, chuaidh siad amach a bhaint sméar dubh. An méid a bhain siad d'fhág siad ina ndiaidh é agus an méid nar bhain bhí sé leo.
Freagra: fear ag baint na feasóige do fhéin.Céist: Caidé an méid nó nidh é a bhfuil meuineal agus corp aige ach nach bhfuil a thuilleadh.
Freagra: buidealCéist: Caide'n fáth a bhfuil bainc cosamhail le giota ceóil
Freagra: Cunnuis go bhfuil sé lán notaí.Céist: Bó dhubh i mbéal átha agus cnámh duine ina béal.
Freagra: Cós agus bróg.Brígid Ní Dhubhgáin - Céist: Reath mé agus fuair mé, shuidh mé agus ní bhfuair mé; dá bhfuiginn é chaithfinn uaim é agus nuair nach bhfuair bhí sé liom 'un an bhaile.
Freagra: Deilg in mo chois.Céist: An fear a rinne é níor chaith sé é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann