School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 201
- XML “An Bhean Ghlas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Bhean Ghlas
Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Bhí feirm mhór talaimh aige agus bhí an fhairrge ag teacht isteach ar an talamh. Rinne an mac a ba shinne bádhbhdhún leis an fhairrge a choinneáil amuigh acht ar maidín lá thar na bhárach bhí sé leagtha go talamh.
Dubhairt an dara fear go ndeánfadh seisean é. Rinne sé é acht ar maidín lá thar na bhárach bhí sé leagtha go talamh.
Annsin dubhairt an mac a b’óige go ndeánfadh seisean é, acht sula dteárn sé é rinne sé teach beag thíos ag n-a thaobh. Shuidh sé go maidín a choimhead agus deich gcárdaí aige. Cha raibh sé i bhfad go bhfaca sé an bád caol dubh ag teacht isteach ar an fhairrge agus bean deas ina suidhe ins an deireadh. Thainic an bhean isteach chuige. Chuir sé ceist uirthí an n-imreochadh sí cluiche. Dubhairt sí go n-imreochadh.
D’imir siad cupla cluiche gan geallta. Annsin dubhairt an bhean ghlas go n-imrecochadh sí cluiche anois le gealltaibh, agus an té a bhainfeadh an cluiche(continues on next page)- Collector
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Informant
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Gaoth Dobhair, Co. Donegal