Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 202
- XML “An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go gcaithfeadh sé an duine eile a chuartughadh ar feadh lae agus bliadhna no go gcaillfheadh sé an ceann.
D’imir siad an cluiche agus bhain an Bhean Ghlas é. Dubhairt sí leis go gcaithfheadh sé í a chuartughadh roimhe lá agus bhliadhan no go gcaillfheadh sé a cheann, agus d’imthigh sí arais go dtí an bád caol dubh.
Nuair a bhí lá agus bliadhan ag tarraingt air d’iarr sé ar a mháthair lón beag aráin a dheánamh dó; agus rinne. Annsin d’imthigh sé leis a chuartughadh na Mná Glaise. Nuair a bhí neoin agus deireadh lae ann chonnaic sé solus beag i bhfad uaidh agus i n-deas do. Agus tarraing sé air. Bhí teach beag ann a raibh bun cleite amuigh agus bárr cleithe istoigh agus cleite amháin ag coinneail an tuighe ‘sna súgáin.
Chuaidh sé isteach agus d’iarr sé lóistín, dubhairt fear an toighe nach raibh áit aige dó. Acht ins an deireadh choinnigh sé é. D’innis an buachaill do fhear an toighe goidé thug ar shiubhal é, agus dubhairt seisean leis go raibh dearbhráthair dó-san ina leithéid seo d’áit agus a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall