Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 176
- XML “Scéal Eile fá Bhunadh na gCnoc”
- XML “Scéal Eile fá Bhunadh na gCnoc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a thainig fear a'toighe abhaile d'fiafruigh se duíthe caidé 'd'éirigh daobhtha. D'innis sí do comhairle
an tseanduine, gur imigh siad amach ar an doras is nach bhfacaidh sí ní ba mhó iad.Sceal eile fá Bhunadh na gCnoc.Bhí beirt bhuachaillí ann aon uair amháin agus rinne siad suas oidhche amháin go rachadh siad a dhiarraidh ballán lá thar na bhárach da mbéadh an lá maith.
Chuaidh an bheirt abhaile agus chuaigh siad a luighe. Ach i lár na h-oidhche mhusgail fear aca agus shíl sé gurabh é an lá a bhí ann. siocair go rabh an ghealach ag soillsuighadh . D'éirigh sé agus rinne sé réidh. Chuaidh sé fhad leis an fhear eile agus d'imigh an bheirt.
Sé an áit a rabh siad a ghabhail a dhiasgaireacht ag Tor Chonaill ach nuair a bhí siad ag dul siar ag léana an Chró mhothuigh siad an tormán. Nuair a thainig siad ar amharc an léana chonaic siad cnap mór síogaidhe thart i bhfáinne cruinn agus seanduine in-a suidhe istigh ann a lár. Chuaidh an bheirt fhad leobhtha agus nuair a chonaic an cnap iad ag teacht rinne siad áit daobhtha. Ach
ní rachadh fear amháin aca isteadh ar chor ar bith. Chuaidh an fear eile isteach agus d'fhan sé aca go rabh an lá ag teacht. Annsin d'fiafruigh an - Bhí beirt bhuachaillí ann aon uair amháin agus rinne siad suas oidhche amháin go rachadh siad a dhiarraidh ballán lá thar na bhárach da mbéadh an lá maith.
Chuaidh an bheirt abhaile agus chuaigh siad a luighe. Ach i lár na h-oidhche mhusgail fear aca agus shíl sé gurabh é an lá a bhí ann. siocair go rabh an ghealach ag soillsuighadh . D'éirigh sé agus rinne sé réidh. Chuaidh sé fhad leis an fhear eile agus d'imigh an bheirt.
Sé an áit a rabh siad a ghabhail a dhiasgaireacht ag Tor Chonaill ach nuair a bhí siad ag dul siar ag léana an Chró mhothuigh siad an tormán. Nuair a thainig siad ar amharc an léana chonaic siad cnap mór síogaidhe thart i bhfáinne cruinn agus seanduine in-a suidhe istigh ann a lár. Chuaidh an bheirt fhad leobhtha agus nuair a chonaic an cnap iad ag teacht rinne siad áit daobhtha. Ach
ní rachadh fear amháin aca isteadh ar chor ar bith. Chuaidh an fear eile isteach agus d'fhan sé aca go rabh an lá ag teacht. Annsin d'fiafruigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94