Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 181

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 181
  3. XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
  4. XML “Scéal fá Chonall an Chró Bháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    san oidhche chonnaic siad an triúr ag teacht. Leig siad daobhtha go rabh siad ag gabhail i gcionn na h-oibre a leagaint. Chuaidh na fir 'un tosaigh annsin agus chan
    na focla a d'iarr an tseanduine ortha. Thionntaigh an triúr annsin agus níor labhair siad focal ach d'imigh. Annsin chuaidh na h-oibridheannaí ar aghiadh leis
    an obair lá thar na bhárach agus rinne an caisleán gan dadaidh baint daobhtha. Tá caisleán Uí Dhomhnaill i nDún na nGall ón la sin go dtí an lá indiú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sceal fá Chonaill a' Cró Bháin
    Tá seal fada ó shoin bhí fear i n-a chomhnuidhe sa Chnó Bhán(Teileann) a dtugtaoi Conall Ó Beirn
    air agus bhí teach déanadh poitín aige i mBun Ailt a Mhaolagáin. Oidhche amháin bhí siad a ghabhail a rachaidh titáin[?]. Nuair a bhí an still ar an teinidh chuaidh a chomráduidhe abhaile ar scór theacht arais nuair a bhéadh an still te. Chuaidh an oidhche
    'un doineanntachta agus un leaththromachta agus diúltaigh
    a chomráduidhe theacht. Anonn go maith san oidhche mhothuigh sé taistealich [?] ag teacht agus dranntán ceoil aige Shíl sé gurabhé a chomráduidhe a bhí ann, agus nuair d'amharc sé amach d'aithin sé nár dheagh-rud a bhí ann. Thug sé iarraidh ar bhraon uisce
    coisreactha a bhí istoigh i gclósacht bheag aige agus chraith sé ar an droch-rud é. Thionntaigh sé an droch-rud uaidh giota agus
    níor bhfada gur mhothuigh sé an dranntán ag tarraingt air arais bhar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Seaghain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    94