Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “Síscéal”
  4. XML “Síscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aillt. Chonnaic sí an nead thios ar laftán a bhí san aillt. Bhí sí ag gabhail amach fhad leis agus le sin sgairt fear leíte ó'n dún. Dubhairt sé , "Ca bhfuil tú ag gabhail , pill abhaile". Phill an cailín abhaile. Rinne sí amach gurabé an fear ceadna, ó na ghlór a d'aithin sí é, a bhí sa teach oice roimhe sin a scairt leíte agus gur shabháil sé ón bhás í is dóiche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí bean i Málainn bhig aon uair amháin agus oidhce amháin bhí sí féin agus a inghean in-a suidhe chois na teineadh. Le sin thainig fear beag isteach agus gruag ruadh air agus é gléasta mar shaighdiúir. Shuidh sé síos agus chuaidh sé 'an cainnte leis an mhnaoi. Nuair a bhí am luighe ann dubhairt an fear go rabh an tam aige-sean a bheith ag tarraingt ar a lóisdín. D'imthigh sé leis. Chuaidh an bhean amach in-a dhiaidh agus chonnaic sí é ag gabhail suas fhad le dún a bhí i gcúl an toighe. Lá thar an bhárach chualaidh an bhean nach rabh coimhthigheach ar bith san chomarsanacht. Rinne sí amach annsin gur sidheóg a bhí ann. Bhí seanbhean sa teach cheudna agus seachtmhain in-a dhiaidh seo fuair sí bás. Lá an tórraimh thainig an fear beag ruadh ceudna go dtí teach a'phobail agus é gléasta mar shaighdiúir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall