Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 194

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 194
  3. XML “Cruit mo Thíre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cruit mo Thíre
    A chruit mo thíre, a scáíle bhi sínte,
    Bhí fuar-chuing an tosta ort fáisgighthe go teann,
    Do thóg me as geimheal d'éis do chuibhreach bheith scaoilte,
    Ar do théadaibh a[?] sceith gaethe[?] is solas saor-rann.
    Bhí fuaim sonnda featha do bhuiridhe is badh bhinne,
    Ag dúiseacht do théada bhi suanmhar chum ceoil,
    Ach bhí tu comh neamh-eolach ar shuairceas sar-loinneach,
    Go mbriseann an brón tré do luthgháir go fóill.
    Slán is beannacht le do bhinn-ghaethaibh a-chruit chrom,
    Seo an dlaoi dheireannach dánta do dhéanfim[?] a dhealbh,
    Théid a chodail faoi scáil lonnraigh gáirde ar do shuan
    Go bhfághaidh meara níos stuamdha ar do théadaibh chiúin sealb.
    Má bhí croidhe gaisgidhigh thréanmhar tír ghráduigh nó suarcaidh
    A iarrochadh ag éisteacht le seinim na ndán,
    Ní rabh ionnam-sa ach oiteog neamh-bhrioghmhar na luath-ghaoth
    Agus uait-se a thainig an uaimh bhinn amháin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Seaghain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    94