Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 305
- XML “An Píobaire Sí”
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Féin agus thosaigh sé a dhéanadh poitín sa bhaile. Lá amháin bhí sé ar siúl agus d'fhág sé trí bharaille ar oibríodh ann a theach. Leis sin thainig an t-arm dearg isteach. Scanraigh a bhean agus a chlann, shíl siad go raibh réidh. Nuair a tháinig an t-arm isteach chun tí bhí trí bhearaigh ina luí ag canghnadh? an áit a raibh na trí bharaille. D'imigh an t-arm leabhtha agus bhí na trí bharaille arís in áit na mbearach. Fad agus a bhí an fear beo níor chuir an toirneamh airm buaireamh air? Bhí gach uile rud ag éirí leis fad agus a bhí sé beo.
Siadh Scéal
Bhí bean ina cónaí ar an Cheapaigh aon uair amháin agus lá amháin tháinig bean bhocht isteach chun soir thí a raibh páiste léi ar bhacán a láimhe di. D'iarr sí braon bainne uirthi a bheirfeadh sí dá páiste. Dúirt an bhean léi nach raibh móran bainne aici ins an teach. Tá a fhios agam nach bhfuil, arsa an bhean ach tá braon beag ina dhiaidh sin agat. Dá mbeadh a fhios agat an maith a rinne mé ort bhéarfá-sa an leath dom. D'éirigh bean an tí agus thug sí di braon den bhainne. Dúirt an bhean bhocht léi 'Tá seal gairid ó shoin shábhail mé d'fhear ar a bhádh ar a Charraigín - Siadh ScéalBhí bean ina cónaí ar an Cheapaigh aon uair amháin agus lá amháin tháinig bean bhocht isteach chun soir thí a raibh páiste léi ar bhacán a láimhe di. D'iarr sí braon bainne uirthi a bheirfeadh sí dá páiste. Dúirt an bhean léi nach raibh móran bainne aici ins an teach. "Tá a fhios agam nach bhfuil," arsa an bhean "ach tá braon beag ina dhiaidh sin agat. Dá mbeadh a fhios agat an maith a rinne mé ort bhéarfá-sa an leath dom." D'éirigh bean an tí agus thug sí di braon den bhainne. Dúirt an bhean bhocht léi 'Tá seal gairid ó shoin shábhail mé d'fhear ar a bháthadh ar a Charraigín(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac m Briartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall