Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “Scéal Eile fá Bhunadh na gCnoc”
  4. XML “Scéal Eile fá Bhunadh na gCnoc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhí beirt bhuachaillí ann aon uair amháin agus rinne siad suas oidhche amháin go rachadh siad a dhiarraidh ballán lá thar na bhárach da mbéadh an lá maith.
    Chuaidh an bheirt abhaile agus chuaigh siad a luighe. Ach i lár na h-oidhche mhusgail fear aca agus shíl sé gurabh é an lá a bhí ann. siocair go rabh an ghealach ag soillsuighadh . D'éirigh sé agus rinne sé réidh. Chuaidh sé fhad leis an fhear eile agus d'imigh an bheirt.
    Sé an áit a rabh siad a ghabhail a dhiasgaireacht ag Tor Chonaill ach nuair a bhí siad ag dul siar ag léana an Chró mhothuigh siad an tormán. Nuair a thainig siad ar amharc an léana chonaic siad cnap mór síogaidhe thart i bhfáinne cruinn agus seanduine in-a suidhe istigh ann a lár. Chuaidh an bheirt fhad leobhtha agus nuair a chonaic an cnap iad ag teacht rinne siad áit daobhtha. Ach
    ní rachadh fear amháin aca isteadh ar chor ar bith. Chuaidh an fear eile isteach agus d'fhan sé aca go rabh an lá ag teacht. Annsin d'fiafruigh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.