Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)
- Suíomh:
- Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Antoin Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cineal Conaill
- XML Leathanach 43
- XML “Micheal ar an Lagán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leifear biadh a dheanamh fósta. D’iarr sé ar an fhear ag dul scós ar a glúna agus rinne se sin. D’iarr sé air éirigh aríst agus amharc an rabh arán ins an phóta. Fuair sé an t-arán agus d’fág ar an tábla é.
Rinn sé an cleas ceadna arais agus d’iarr sé air amharc an rabh gé faoin phlancaid. Fuair sé an gé agus d’fhág ar an tábla é. Annsonn d’iarr sé air amharc an rabh uisge beatha ins an stópa agus fuair sé an tuisge beatha agus d’fhág sé ar an tábla é.
Annsonn d’íth sé fhéin agus an gasúr agus d’ól siad go rabh siad ólta. Annsonn dubhairt an fear go dtiocfadh leis na Freemasons an deabhne a taisbeann[?] agus dubhairt sheisean go dtiocfadh leis sin a dhéanamh. D’iarr sé ar an fhear dhá bhata a fhághail. Fuair sé sin. Chuaidh siad sios go dtí’n baraille, bhuail an gasúr an baraille. Léim an fear amach agus amach ar an doras agus fuair sé ‘na bhaile sábhailte.
D’fhan an buachaill annsonn go maidín agus chuaidh sé ‘na bhaile annsonn agus bhí an fear a’toighe buidheach do.- Bailitheoir
- Siubhan Ní Dochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall