Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 20

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 20

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 20
  3. XML “An Rí Ó Domhnaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ins an t-sean am bhí baintreabhach mrá na comhnuidhe shiar annseo ag ceann coill Loch Iasc. Bhí truír mac aici nach rabh ró-ghéarchuíseach ach bhí siad an-ghlic in a mbéasa. Bhíodh sé ‘na ghrás ag O’Domhnall Dún na nGall. Nuair a bhíodh sé amuigh ag seilg a scairtigh isteach chuca anois is aríst fá choinne tamaill grinn bheith aige. Tug sé cuireadh daobhtha siar chur a chaisleáin uair amhain agus chuaidh siad ann. Nuair a bhí an dinnear réidh chuaidh O’Domhnaill síos ‘un tseomra agus d’fhág sé iadsan san chlúid
    “Is cosmhail”, arsa duine de na stocaigh.
    “Is ró chosmhail”, arsa fear eile.
    Chualaidh O’Domhnaill iad agus thainic sé aníos agus dubhairt go gcuirfeadh sé ‘un báis iad Mur ninniseadh siad ciall na cainnte sin.
    Dubhairt siadsan gur chuir siad é i gcomortas le sean-bhoc gabhair a bhí ag na mathair. Nuair a thuiteadh crann cuilinn ins an choill ní leigfeadh sé do na gabhair eile a dath do a ithe go bhfuigheadh sé féin a sháith an chead uair.
    Thug O’Domhnaill geallstanas daobhtha annsin nac mbéadh an dara tábla aige fhad is bhéadh sé beó nuair chonnaic sé an leathcheal a rinnedh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0217: The Cat and the Candle
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Mháirtín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Faisnéiseoir
    Seosamh Ó Baoghaill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Corr na bhFiach, Co. Dhún na nGall