Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “An Cairdeas Críost”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhíodh an stocach amuigh ag obair go dian sa lá, agus ins an oidhche bhíodh sé in a sheomra fhéin ag léigheadh ag dean, amh stuidéir go mbéadh an coinneal reaite.
    Chuaidh an bhliadhain thart mar sin agus ar an oidhche dheireannaigh dubhairt an cáilín aimsire, “Tá an buachaill seo againn anois le bliadhain agus níl fhios ca [leis]? a dtainic sé nó dadaidh fa dtaoibh de ach oiread leis an cead lá. Ba cheart duit eolas éighinteacht faghail fá dtaoibh de”.
    Chuaidh fear an toighe go dtí fuinneóg an t-seomra a rabh an buachaill ann agus chonnaic sé é istigh ag léigheadh go dteachaidh an coinneal as.
    Annsin thainic trí colmain anuas agus rinne siad ceithre ceathramhnacha de ar an tábla. Annsin chuir siad le cheile arais é in a chruth féin. Bhí fhios ag an fhear annsin gurb é a alt féin é agus bhí fhios aige cé bhí aige ann.
    Lá ar na bhárach d’innis sé do’n bhuachaill gurb eisean a cháirdeas Críost agus fá’n rud a chonnaic sé an oidhche roimhe ré. Thug sé do tuarastal maith annsin agus d’iarr air pilleadh abhaile ionnsair a mhuintire féin.
    Rinne sé sin agus is roimhe bhí an fáilte. Choinnigh sé leis an léigheann agus d’fhoghluim sé le bheith na shagart ag altóir de. D’éirigh leis dhul ar aghaidh agus bhí sé na cairdineal sul a bfuair se bás.
    “Má fhághann duine bás i bpárraiste Gaoth Dobhair agus é a chur ins na Rosaibh tiocfaidh torramh eile as párraiste na Rosann go Gaoth Dobair os a choinne sin. Tá seo le sorú leis na cianta”.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Síle Bean Uí Fhrighil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall