Scoil: Cineal Conaill (uimhir rolla 15271)

Suíomh:
Garbhachadh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoin Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1035, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cineal Conaill
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Fáilte Uí Dhomhnaill”
  4. XML “Protastúnaigh an Phointe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Bhíodh cuid mhór Produstanaigh ar an Pointe seo thall i bhfad ó shoin agus ba gráthach leobhtha bheith comh dubh géar is thiocfadh leo.
    Phós bean Caitliceach fear de'n dream seo ach d'fhan sí dílis da creideamh fhéin.
    Oidhche amhain bhí rún ag na Prodústanaigh éireighe amach agus dúnmharbhadh a dheánamh ar Gael na háite. Thainic siad isteach le achan rud a nochtadh don fhear seo. Bhí an bhean na luighe sa leabaidh ag éisteacht leobhtha. D'fhág siad a guid gunnaí ar an urlár agus thoisigh an bean ag urnaigh.
    Nuair a d'fhéach na fir leis na gunnaí a thógail arais ní thiocfadh leobhtha; bhí a gcuid airm greanuighthe don urlár. Thainig eagla an domhain ortha agus d'iarr siad ar an bhean cuidiú leobhtha. D'éirigh sise agus thóg sí na gunnaí gan buaidhreamh ar bith.
    D'imthigh na Produstanaigh agus iuinidhe an domhain ortha. Ca dtearna siad dúnmharbhadh ar na Caitlicibh an iarraidh sin.
    Nuair a fuair an bhean seo bás, cuireadh í i reilig Mhachaire Galthan agus nuair a bithear ag cur na conrach sa bhád le na tabhairt trasna thuit an teach in a diaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.