Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal fá Mhínleac na leabharFéach ar leath; 18 fa choinne mhíniú na háite seo agus beagan den stair a bhaineas leisAm amháin bhí fear agus cailín ann agus rinne sise brionglóid trí hoidhche go raibh pota óir i mín leac na leabhar. Tháinig sí féin agus an fear go Mín Leac na Leabhar. Bhí siad ag cuartú an phota nuair a tháinig an bacach thart. Chuir seisean ceist ortha goidé bhí siad ag cuartú, agus d'innis siad do gur pota óir a bhí faoin leic. Dubhairt an bacach nach raibh ann acht pisreógaí. Nuair a d'imthig an fear agus an cailín, tháinig an bacach arís agus fuair sé an pota óir. Phós sé agus bhí clann aige. I náit an focal bacach thug siad an t-ainm toicidhe air o shin amach, agus is iomdha uair a cluinneadh na daoine ag cainnt fa 'bunadh 'n toicidhe'.(Meadhbh Nic Cearainn a d'innis an sgéal seo, féach ar leath a haon)
- Faisnéiseoir
- Meadhbh Nic Cearrain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cró na Sealg, Co. Donegal